School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Location:
Kilkee, Co. Clare
Teacher:
Máire Gromail

Filter stories

Back
/ 153 Forward
Resolution: Low | High
Na Prátaí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Chuirimid pratai ar an bhfeirm blian i ndhiaidh a chéile. Ullmhuigheann mo athair agus na buachailli aimsire an talamh in a gcóir. Usaidtear aoileach chun an talamh a dheanamh saidhbhir sar a gcuirtear na prataí.

Uaireannta ni chuirtear amach aoileach go mbionn an talamh reidh chun na prataí do chur, agus leagtear ar na claiseanna. Úsáidtear feamhnach ar thalamh nua cuirtear amach é cúpla mí sar a gcastar suas an cré agus leigtear dó lobadh.
Nuair is talamh nua a bhionn a ullmhú in -a gcoir is amhlaidh a deintear iomaire agus saightear na pratai ionnta. Ar dtúis deintear an talamh do thraibhid annsan é do fhuirse agus sa deire deintear iomairi de. Deintear na drilleanna sa t-slighe cheadna. Ceacta a bhionn i n-usaid ag an bhfurmhór le h-aghaidh na h-oibre ach daoine nach mbionn ach gort suarach aca fé phratai aca baintear feidhm as ramhainn chun an talamh do romhar agus sluasad chun drilleanna agus iomairi dheanamh.
D'úsáidtí an ceacht adhmaid i n-aiteachta boga mar phortach ach ni úsáidtear anois é ach chun maise a chur ar na drilli nuair a bhionn fás

(continues on next page)
Collector
Brighid Ní Shéaghdha
Gender
female
Address
Kilkee, Co. Clare
Informant
Seán Lacach
Gender
male
Age
60
Occupation
feirmeoir
Language
Irish