Tá na h-áiteanna seo thios i bparóiste Cille Fiachraigh atá i mbaruntacht Maighe Fearta, Conndae an Chlair.
1. Magh Fhearta:-
Sé is brig leis an ainm so na:- an mhag 'n-ar marbuigheadh na sluaighte.
2. Cill Fhiachrach:-
Tá an áit seo suidte míle goile taobh thiar theas de Cill Caoidhe. Bhunaigh Naomh dar'b ainm Fiachra teampall ann fado agus thug san a h-ainm do'n ait ó shoin i leith. Tá fothracha an teampaill le feiscint fos 'san ait.
3. Cill Chaoidhe:-
'San áit a bhfuil an baile do thog Naomh Caoi teampall ann i n-allod.Tugadh Cill Chaoidhe mar ainm ar an áit da bharr san.
4. Dabhach:-
Sin é an ainm a tugtar ar an mbaile fearainm ar a bhfuil an cuid sin de'n mbaile idir Abha Ui Cheallaigh (ritheann an abha seo sios go d'tin dtraigi n-áite le tig osta Bhictoria)
(continues on next page)