School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 051
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Inid-An t-am atá againne idir lá le Stiophán agus Ceadaoin an Luaithridh. Bionn na daoine fe'n dtuaith ag deanamh cleamhnais. Má bhionn feirm no siopa ag duine aca bionn airgead ag an duine eile agus tagann athair an chailin agus athair an bhuachalla le cheile chun socrú do dheanamh eatorra.Máirt na h-Inide- Is ar an oidhche sin a bhionn na pancóga againne.Ceadaoin an Luaithridhe-Teigheann gach duine go dtí an aifreann ar an maidghin seo mar sé an chead lá de 'n Charghaos. Cuireann an sagart luaithreadh beannuighthe ar eadan gach duine chun do cur i n-úil dúinn go bhfuil an bás i ndan do gach duine.Bionn na daoine ana naomhtha ar feadh an Charghaois. Bionnse ann ar feadh dacadh lá. Teigheann siad go dtí an aifreann gach maidin, ni itheann siad milseáin, ni chuireann siad súicre in-a gcuid tae, agus ní theigheann siad go dti na pictiuirí. Deineann siad "Turas na Croise" sa trathnóna.Bionn deire leis an Charghaos Domhnac Cásga mar 'se an lá a d'eirig ar Slanuightheoir o'n mharbh. Ar an lá sin itheann gach aoinne níos mo ubh na(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Kilkee, Co. Clare