School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (roll number 9229)

Location:
Letterkelly, Co. an Chláir
Teacher:
Seosamh Mac Dáibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0612, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 023
  3. XML “Comharthaí Báistí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonn ciorcal mór thimcheall na gealaighe comhartha báistíghe é. Nuair a cítear barraicín ar bhárr Shliabh Calláin gur cómhartha báistíghe é. Nuair atá sléibhte ar nós Sléibhte Ciarraighe le feiceáil go soiléir dhuit gur cómhairthe báistíghe é. Nuair a cítear na fáinleoige ag eiteall go hárd san spéir cómhairtha soininne é, agus nuair a bhíonn siad ag eiteall beagnach ar an dtalamh gur cómhairtha doininne é. Nuair a cíthear an cat agus a dhrom leis na teine is cómhairtha báistíghe é. Nuair a cíthear a lán cuileóga beaga ar an fhuinneóg gur cómhairtha báistíghe é. An gaoth aniar is mó a bheireann fearthainne. Nuair a chíthear a lán réiltíni san spéir gur cómhairtha sheacha é. Nuair a cíthear na faoileáin ag teacht ón bhfarraige gur cómhairthe stoirme é. Nuair is féidir le duine glór na traenach do cloisint agus an deatach go ciúin comhartha seacha é.
    Deirtear gur comhartha baistíghe é nuair a thagann na gcapaill in aice na dtighthe nó na bhfallaí cun foithin. Nuair a bhíonn scamaill bána san spéir agus an aimsear fuar deirtear gur comhartha sneachta é. Nuair a bhíonn na réilthíní ag leimrigh san spéir gur comhartha é go bhfuil sé ag cur sheacha. Nuair thuiteann sút ón t-seimné gur comhartha baistighe é freisin. Sé an comhartha atá aca i dtaobh na stoirme nuair a bhíonn an cat ag sgragadh a h-iongne i gcoinnibh píosa adhmaid agus nuair bhíonn an faoláin bán ag teacht isteach ón bhfairrge.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Mháile
    Gender
    Female
    Collector
    Caitlín Ní Mhathghamhna
    Gender
    Female
    Collector
    Maire Ní Chrádfórd
    Gender
    Female
    Collector
    Mícheál Ó hÉaghráin
    Gender
    Male
    Informant
    Bean Úi Mheidg
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Cloghaun More, Co. an Chláir
    Informant
    Pádraig Mac Fhaoithig
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Glendine South, Co. an Chláir
    Informant
    Pádraig Mach Mathghamhna
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Glendine South, Co. an Chláir
    Informant
    Seán Ó hÉaghráin
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Eidhneach, Co. an Chláir