School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 297
- XML “Cístí Steaimpí”
- XML “Cístí Saill is Plúir”
- XML “Coinnle Páideoige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Do mheascadh síad saill agus plúr agus annsan chuirfidís ar an ngreideas é agus fágann síad ann é ar feadh tamaillín. Deireann sí go raibh cístí den tsaghas san an-milseán agus ní thabharfaidís dos na fearaibh in aon chor é. Choinnéadfaidís an géir istig ar feadh do-dheug miasa agus bhí na cístí san aca mór thimcheall na h-áite seo dachadh blíain o shion.
- Deintear íad seo annso timcheall le seaschadh blíain o shion nuair a bhíos-sa na cailín óg agus seo an slighe mar a deintear íad san. Ar dtúis gheóbhaidis brob luachra agus lomann é nú íad. Gheóbhaidís tubán [br-?] blonach bó agus chuirfidís ar an dteine í go inbeadh sí leaghta. Chuirfidís slat treasna an chorcáin agus annsan chuirfidís na brobanna agus íad ag tumadh san am cheudhna. Thógfaidís amach íad anois agus airís mar ní raibh le deanamh aca acht an tslait d'ardúghadh agus íad do choimead o'n dteine go gcruadfaidís agus annsan tumadhann isteach airís is airís íad annsan. Tar éis gach tumadh bheidís ag dul i méid go dtí go mbeadh síad mór a dhoithin ann.Tar éis tamaillín tháinig na coinnle a bhí deunta den(continues on next page)