Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 344
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go mbíodh na buacaillí bána ag drillídheact gac óidhche i rith an seactmhadh aoise deag. Tá cnucán eile in aice leis agus Cnucán An Aitin a tugtar air, mar níl aon rud eile ag fás air ac aitin. Tá páirc eile ar a dtugtar Páirc An Ceártain. Bhí gabha 'na cómhnaidhe ins an páirc sin agus níl ríghin a ceártain le feiscint ann in aon cor act deirtear go raibh bothán beag aige gabha maith do beadh é agus ní bfuigeadh sé puínn airgid ar a chuid shaothar. Tá páirc eile ar ár bfeirm ar a dtugtar Páirc Na Peile, sé an fáth ar a dtugtar an ainm sin air ná go mbíodh na daoine ag imirt peile ann fadó. Páirc eile ar a dtugtar Páirc Fada. Tá an páirc sin ana fhada agus sin é an fáth go dtugtar an ainm sin air. Tá páirc eile in mo feirm ar a dtugtar Paircín na h-Abha pairc beag iseadh é sin cois na habhann. Páirc An Tobair mar tá tobair istig ann. Páirc An Scioból mar tá na sgiobóil go léir deanta istig ann. Páirc an gCruac mar is istig ann atá an cruac móna déanta.
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann