Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 236
  3. XML “Fir Cháiliúla a Bhí sa Pharóiste seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Corcaighe ar tuitim na h-oidhche. Fear ana mhaith do beadh é cun siubhal. Tugh sé uibheacha leis go dtí Corcaigh cun iad do dhíol agus cun rudaí i gcóir an tighe do ceannach. Síad na rudaí a ceannuigh sé na plúr agus min agus thug sé té agus súicre do dhuine de a comarsain. Cuir sé an plúr ar a gualainn dheas agus an min ar a gualainn clé agus an té agus an suicre fén a n-ascail agus gluais sé leis abhaile. Níor stad sé ar feadh an turas ach aon úair amáin agus ins an áit sin feín níor thógh sé an min ná an plúr de bhárr a dhruim. Ní raibh aon duine in-aonfhacht leis agus ní raibh aon uaigneas air.
    Is mó trácht a bhí ar píobaire na Gruaige ag na daoine. Do bhíodh sé i gcomnaidhe in-aonfacht le na daoine sidhe. Do mhúineadar san alán ceol dó ach ní raibh cead aige iad 'do sheint do aon duine a bheadh in-a beatha. Do coiméadh sé a geallaimhte ar feadh i bfad ach bhí sé i banféis úair bhí na daoine ag tathaint air iad do sheint ach sa deire dhein sé rud ortha cun ceann acu do sheint agus ní fada do mhair sé in dhiaidh san mar bhí a geallaimhnte briste aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann