Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 151
- XML “Áitainmneacha i gCúil Iarthach”
- XML “Áitainmneacha i Liathchoill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Ta trí carraig ar dhá thaobh a t-Shíolán "an Banbh" agus "an Cráin" ar an dtaobh thoir de, agus "an Cullach" ar an dthaobh thiar. Ta "Oileán a Teadair" idir iad agus an fhairrge. "Cuas Dearg" (Tá nadúir dearg ins na clocha) "Lochán a mhadra uisge" (Mar bíonn madraí uisge ann) "Cuaisín na Leacan" (Ta leaca árd ós a cionn.) "Cuas na gcolúr" (Deineann na clúir a nead ann) "Cuas Bán" (Tá bán bán suas uaidh) "Cuas fe thalamh" (Is i lár páirce atá an cuas seo agus dá gcaitfá cloch isteach ann déanfhadh sé glór deas) "Faill a mearithill" (Da bhféacfhá síos tiocfadh mearathal id cheann) "Cuas an adhmaid" (Tháinig mór bácona isteach ann fadó) "Cuas lár ruadh" (Do léim láir ruaidh é nuair a bhí sagart ag teithe ó shaighdúire) "Cuas na mbolog" Tagadh pológa isteach go flúirseach.) "Cuas na fuinneoige" (Tá fuinneóg agus sórd lochta istig ann agus saghas staighre ag dul suas.). "Faill scoile" (Mar tá scoill mor 'na lár