Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Ceangal na h-Inide ceangal le deithneas
    Ceangal an cháisc, ceangal le h-áthas
    Ceangal punaine, ceangal an Fhóghmhair"
    Na laetheanta atá mí rathmhar chun pósadh siad son an Luan an Céadaoin an Aoine agus lá crostha na bliadhna.
    Nuair a bhíodh pósadh acu fadó gach aon duine a geibheadh cuireadh ar an bphósadh caithfeadh sé cúpla sgilling nó trí a dhíol. Annsan mara bfaigheadh cuid acu a ndóithin le n-ithe agus le n-ól bhídís ag bruighean agus ag troid. Aon duine a bheadh mar sin is amhlaidh a mheasadh muinntir an tíghe tobach nó súgh a chur 'na gcuid pórtair agus leagadh san go tapaid é. Bíodh suaimhneas annsan acu.
    Capaill iallaití a bhíodh ar na [?] fadó acu. Níor mhaith leis na daoine pósadh a dhéanamh ar na míosa seo mí Bealtaine mí Lúghnasa, mí Deireadh Fóghmhair agus mí na Nodhlag.
    Pósadh bliadhna a bhíodh ortha fadó fadó agus dá bhfanidís seachtamhain i dteannta na bliadhna bheidís pósta go deó.
    Aon uair amháin do thaithn an fear le na bhean agus nuair a bhí an bliadhain caithte agus é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ua Cruadhlaoich
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí