Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 114
- XML “Cruatan”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin go Beanntarighe. Nuair a bhíodar ag teacht thar n-ais bhí sé garbh tímcheall na carraigracha agus theip ortha an bhean a thógaint. Ba mhór an truagh í d'feiscint ag sgreadaigh agus ag béachaigh. Nuair a chonaich sí ag bád ag imtheacht agus í féin ar an gcarraigh Ar maidin amáireach nuair a thánadar thar n-ais ghá h-iarraidh bhí sí báidhte rómpa mar clúduigheann an tsaoidh an carraig nuair a bhíonn an gairitheann ann.
- Lá amháin bhí mo sean-athair agus trúir eile ag teacht ó Bheanntaighe ar bhád gainimh agus bádhadh iad timcheall leath locha amach. Bádhadh iad an cúiguadh lá déag de mhí Lughnasa timpall 1844. Seo iad na h-ainmneacha a bhí ortha. Diarmuid ó Súileabhain, Mícheál ó Súileabhain, Diarmúid ó Súileabháin, agus Domhnall Ó Chruadhlaoí. Bhí truír acha ó Doire-An Chairn agus ceann ó Culíarthach agus ní fuaireadar aon thuairisg ortha ó shoin i leith beannacht Dé lé na n-anam(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ní hAnnracháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí