Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 111
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Do thóg míadh an tsaoghail me féinig síos go dtí an abha”
(ar lean ón leathanach roimhe)Mé i bhfad ón buinn tsaoghala
Is gan aoine den creideamh ceart ann.
Dá mbeinn i gcogadh Rí Séimhe
An lá is tréine is is trime a beadh ann.
Ní thanóchadh aon phléar liom
Is ní baoghal liom an fhaid a bheadh sí ar mo dhrom.
IV
Cabharíd le chéile a Bhéarig is deinidh súas cabhar
Deiníd léine dhom mar is déirc í chur ar mo dhrom
Níor fhreagair me aoine níl aoine balbh ná bodhar.
Is ní fheicimse aoine ag teacht leim cabhair
V
Do thóg míadh, an t-saoghal me féin thar farrge annonn
Ag díol cíos is fuar lá gan áireamh pingin ina [?]
Tá mo leanbhaí ag áirig is gan gráinne mine sa tsach
Is dá gcaithfinn an lá amuich
Ní thabharfhinn criothan as an ithir isteach.- Bailitheoir
- Concubar Ua Urdail
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Ui Urdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí