Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 040
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chomhnuig fear i dTúirín na Gréine fadó darb ainim Séamus Líath. Uncail dom athair a b'eadh é. Bhí sé na ceaptaon ar bhád gainimhe agus bhíod sé ag cur gainimhe go Beanntraighe, go Gleann Garbh, go Cuilleárach, go Trátfraische agus do Doire an Chairn. Lá amháin dá raibh sé ag dul go Beanntraighe le hualach gainimhe, bhí an lá ag teacht garbh agus dubhairt sé an amhrán seo. Mo chreach is mo chás
Mar cuimhnfead Black Ball
Ó cuireadh le fán an tsaoghail me
I gcomalach báid
I gcomntabairt me bháthadh
Is gan phingin de bárr mo lae agam.
Nuair a théíghim-se sa tsráid
Buailim an clár
Is tagann chúgham cárt den dóír phuins
Bíonn Neill is a biorán
Ag breacadh fém bhráid
Is ní bhíonn m'ainimse ar fán sa day-bookDo dhein Séamas Líath móran rócáin eile leis, seo ceann a dhein sé féin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conchubhar Ua Uardail
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheal Ua Uardail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí