Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí ann Cad a bhí aici ach bafettí buídhe. Do nig agus do gheal sí é. Sa tSaosúr a bhí chúiche bhí feircín ime aice i gcóir an mhargaidh agus chuir sí an bafettí ag clúdach béal an feircín. Taréis an t-im a dhíol chuir sí an t-éadach isteach i dteannta na nidhte eile a cheannuig sí agus nuair a tháinig sí abhaile ní raibh a thásc ná a thuairisg lé fhághail agus n'feaca sí riamh ó shin é. Acht chualadar na sean-daoine 'gá rádh go raibh seanduine ar fuaid na h-áite céadhna fadó riamh go dtugtaí Lópais na leath-bróige air agus bhí sé amuigh air go ré -bhuachaill ab eadh é agus nách gcuirfeadh aon tsuim i rud a sciobadh agus gur dócha go mbíodh sé amuigh i ndeireadh na h-oidhche . Is dócha gur ag déanamh a phurgadóireachta a bhí sé san am áirighthe seo mar bhí sé marbh lé scaithim roimis seo.
- Bailitheoir
- Máire Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Fhianachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí