Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ionghadh agus alltacht ortha a leithéid de bhear a bheith ar aon fhear beó. Bhí duine des na mnáibh agus bean óg misneamhail urrúsach ab eadh í agus dubhairt sí " beidh fios agam -sa cé tá ann pé' cu leó nó marbh é. Leanfadsa é agus tiocfhad suas leis sar a mbeidh sé ag an gcrosaire". Siúd amach ar an mbóthar í agus ní mór ná coiscéim siúbhail a bhí tabhartha aice nuair a shamhlaidh sí go raibh dar leí féinig rud éigin casta tímcheall a cosa agus d'fhéach sí thall is ibhfus uirthi féin mar do thuíll sí gurab é a "petticoat" nú a gúna a bhí tuitithe síos ar a cosa ach níorbh eadh bhíodar chómh fáisgithe ceangailte uirthi agus d'fhéadfaidís a bheith.Thug sí fé shiúbhal arís agus má thug n'fhéadfadh sí cos a chur thar an gcois eile. Do bhí rochal ar a cosaibh, do luig sí síos agus d'fhéach sí ar caol a dá cois. Bhí stráice éadaigh agus glas shnaidhmh air ar gach cois léi. Scaoil sí é agus cun siúbhail léi i ndiaidh fear na leath-bróige.Acht nuair a shrois sí an chros ní raibh aon radharc air agus ní raibh a bhreith ná thuairisg ann. Chuadar go Cathair Saidhbhín agus bhíodar ann roimh lá. Is dócha gurb é am mhairbh na h-oidhche a bhí ann nuair a chonnacadar fear na leath-bhróige.Thug sí léi abhaile an píosa éadaigh a bhí tímcheall ar a cosa agus dubhairt sí go mbeadh fios aice cad e an saghas éadaigh a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Fhianachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí