Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Bia na Seanaimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

I lar na cisteannach ba gnathach de'n mbord sa t-seana shaogal agus suidheadh an lion tighe go leir chun bidh le cois a ceile cheann an tighe, ar cheann an bhuird agus mar sin doibh. Chrochtai an bord uaireannta le daoine go mbiodh 'an bord speisialta sin acha nuair na bhiodh beile ar siubhal.
Bhiodh tri no ceathair de shagasannaibh arain acha. Bhiodh aran deunta de min coirce a bacailtai ar ghreidil os comhair an tige. Caidi, leath 'n leath plur agus min buidhe bocaidi, de mhin buidhe le h-uisge fruicaidh a cuirti ar a ceile e sin agus Stampai, deunta de pratai amhain.
Itte feoil ur agus guirt caoire fheoil ur agus muic fheoil no mairt fheoil guirt, agus is beag tig sa ceanntair seo na bhiodh cupla barraile eisg acha i gcoir an dubluacair, mar iasgairi is mo ata sa ceanntair seo as an bhfairrge a bainiadis slighe maireactaint.
Domhnach casga is mor an naire bheith gan feoil sin e deireadh na sean daoine, na daoine na bhiodh feoil acht coitcheanta dheinidis iarracht i bheith acha Domhnach Casga.
Rud eile dhe cuirti sios sceilead ubh don lion-tighe agus iosadh gach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Dómhnall Ua Céitig
Inscne
fireann
Aois
11
Faisnéiseoir
Nóra Bean Uí Céitig
Inscne
baineann
Aois
78
Seoladh
Doire Fhíonáin, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge