30/03/2020 Rogha na Seachtaine  (Féach tuilleadh »)

Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Laethanta na Riabhaí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Laeteannta na Riabaice iseadh na trí laeteantna deiridh de'n Márta nó an chéád trí lá de'n Abrán. Níl aon deimhin ar ciaca mí de'n dá mhí go mbaineann na laeteannta so léis ach is deimhin go mbainid le mí éigin de'n dá mhí sin. Is minic a d'airigeas gur ó Márta a bhaineadar agus gur b'iad ná trí laeteannta deiridh de'n mhí iad, agus cuid eile aca a rád gur bhiadh an chéad trí lá den Aibrean iad.

Seo mar a tugadh laeteannta Riaibce orta an chéad uair. Bhí bó riabhach ann tráth éigin fadó agus bhí Márta an fhuar agus an gharb. Fuair an bhó a dóithin de'n aimsir, agus d'réir deallraimh is ar éigin a rug sí a h-anam léi. Ach pé scéal é fuair sí an buadh ar an Márta san, agus nuair a rug an chéad lá de'n Abrán uirthi, cheap sí go raibh sí saor ó bhaoghal fearta.
Do léim sí ar a corp agus do labhair go neamh-spleádhach agus a dúbairt , a Márta Fealltamhail, d'á déine a thugais fúm, níor fhéadair deireadh a cur liom, agus anois ó tá an " t-Abrán bog braonach" tagaighthe, is beag é mo beann ort ". Ní dubairt an Márta focal, ach dul agus trí lá dhiarradh ar iasacht ar an Abrán. Fuair an Márta na trí laeteannta. Agus cad do dhein sé? Séid sé gaoth agus feartainn chómh trean in Éirinn a's do b'feidir leis é. Lean sé de'n seidead sin ar fead na dtrí lá. A leithéid de ghaoith agus d'feartainn níor tháinig roimh agus bhí tuilltheacha thar teóra ann. Fé ceann na dtrí lá

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Siobhán Ní Concubair
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Máire Bean Uí Cártaig
Inscne
baineann
Seoladh
Neid an Eoin, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge