Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 310

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 310
  3. XML “Nós Eile Fós”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deintí teineadh amuigh ar an bpaírc nó ar maca na mbó agus is dóig liom go ndeintí braon uisce coisrighthe do chrocadh (?) uirthi. Annsan nuair a bíodh an teine ar lásadh d'faightí scathán mór aitinn críon agus do lastaí ar an dteine é agus do tharaingítí an scathán aitinn sin agus é ar lasadh tré na gortaibh 'na míodh na prátaí, an coirce, agus na barraí eile ag fás agus tré na mhóinfearaibh cómh maith. Gan amhras ní fhanadh an chead scatán a lastaí ar an dteine ar lasadh as son sara dteigeann sé in éag agus deineadh san an gnó cómh maith a's dá lastaí ar an dteine é agus dá mbeadh gabhadh leis d'feadfaí ceann eile do lasadh as san arís go dtí go mbeadh deireadh (?) déanta.

    RUD EILE FÓS
    Sé sin a mbíod de bheithidheacaibh ar an bfeirm do bailiú i dteannta céile agus scathán do lasadh ar an dteine annsan buille de'n scathán san bualadh ar gach beithidheach aca le na linn sin in "Ainm an Athar agus an Mhic agus an Sprid Naomh" a rá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann