Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 288
- XML “Scéal Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Eogan Ruadh Ua Suillleabháin ag spealadóireacht lá i gConndae Luimnig. Miothal a bhí ann. Bhí tig an t-sagairt an cóngharach do'n pháirc i n-a rabhadar ag obair, agus thug na fir an maidhean ag ithte na feóla fuara. Bhíodar a rád go raibh an sagart mar seo agus mar súid agus na fuair aoine riamh oireadh agus aon greim amháin le n-ithe uaidh.
"Cuirfeadh púnt le h-aon duine agaibh go bfaghaidh mo dhínnéar uaidh gan é iarraid air," arsa Eoghan.Do thóg dujine aca suas go tapaid agus do chuireadar suas an dá phúnt i láímh an maighistir do bhí ortha. D'fan Eoghan go raibh sé timcheall am an dínnéar agus seo isteach ann soin é go tig an t-sagairt. Do fhiafruig sé de mhnaoi an tighe an raibh an sagart istig.
"Tá sé ag ithe a dínnéir" arsa ise.
Cad dob áil leat de.
"Tá gnó agam de féín," arsa Eoghan. Do innis an bhean do'n sagart go raibh fear éigint annsan chistin go raibh gnó aige dhe.
"Abair leis an gnó d'innsint duit," arsa an sagart. Do innis an bhean an méid sin do Eoghan, acht dúbairt sé léi gur duine é fhéin do shiubailigh a lán agus gur iomhda rud do ciofeadh se ag dul amughadh ná h-oirfeadh do innsint di féin.Do innis sé an freagrá soin do an tsagairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Concubair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Cártaig
- Inscne
- Baineann