Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Súgradh na Leanaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Súghradh na leanbh
    Tógann duine des na leanbaí blúire de chipín: agus cuireann sé ceann de san teine. Nuair a bhíonn sé dearg tógann sí amach é agus síneann sí cun an duine i n-a h-aice féin é agus deireann sí agus an cipín in a láim aici.
    Seo mo bhírin duit, cad is brígh dó
    Má fhaigheann mo bhirín beó bás idir do dá láimh
    Bíodh an trom trom, ort.
    Tógann an duine in-a h-aice uaithe é annsan agus tugann sí do dhuine eile é ag rád na rann céadna. Pé duine go múchfhaidh an birín 'na láimh cuirfidh na daoine eile dalladh-puicín uirthi, síseann sí ar an úrlár, agus cuiridh rud éigin anuas ar a drom mar ursal, nó stól, nó fód móna, ag rád le gach aon ualach.
    Trom, Trom.
    Cad tá ar do chionn?
    Beidh sí ag tomhas cad tá ar a drom, agus fágfar annsan é go mbeidh an tomhas ceart aici. Mar so, má cuir duine éigin fód móna ar a dhrom agus nuair deir sí, bféidir, go bhfuil an gadhar anuas uirti, déarfaidh an duine eile, fan annsoin, a fhóid móna go dtiocfaidh an gadhar" - ach ar a mbás ní cuirfheadh siad an gadhar anuas uirte 'na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Chonchubhair
    Inscne
    Baineann