Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 216
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Buitléir ab'ainm d'on fhear a bhí ag bailúghadh an cíosa o Cathair Dómhnall sios agus Hartopp ab'ainm d'on fear eile a bhí ag bailúghadh an ciosa ó Cathair Domnall go dtí Bun Inbhir. Bhíodar ag bailúghadh an cíosa mar sin ar fead fiche blían bféidir.
Bhíod an sgeal go h-olc ag na feirmeoírí nuair a bíod na landlordí agus na h-agenti ag glaodhach ar an gcios mar ní bhíod an airgead acu cun é díol.
Bhí fear darbh ainm Mathghamhna na chómhnuidhe cúpla míle ón áit seo, bhí clann mór aige agus ní raibh aige ach fear ceitre cinn de bhuaibh. Ní raibh an taírgead maith le faghail ar na rudaí an uair sin in aon chor agus d'fág sé an cíos gan díol ar fead cupla blíana. Do cuir an tíghearna talmhan leitir cuige ag ardúghadh an cíosa ac má cuir, níor cuir an fear aon t-suim ar mar ní raibh an t-airgead aige. Níor thuig sé aon rud fé ndeara go dtí go dtainig an t-agent "Joe" agus cúpla fear in aonfheacht leis agus chuireadar as a seilbh é.
B'eigin d'on bfear mbocht seo gabhail amach ar an mbóthar ach thug na comursain scáth do ar fead tamaill. Ba mhór an truag é mar bhí clann mór aige agus ní fhéadhfhadh síad aon rud a deanamh dóibh féin mar bhíodar an óg. Taréis roinnt aimsire chuaid sé féin agus a clainn go dtí Americha.
Eogainn O'Súilliobháin ab'ainm d'on agent a cur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Suilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Na Gabhláin, Co. Chiarraí