School: Doirín na nDamh (roll number 5348)
- Location:
- Doirín na nDamh, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doirín na nDamh
- XML Page 336
- XML “Na Dlíthe Peannaideacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ionad do thógadar leo aon caitiliceacha a fhúaireadar, mar gíallaí, agus do chuireadar chun báis iad gan trúagh gan taise, nuair ná n-iompóchadh síad 'na bprotustúnaig agus innsint dóibh gach nídh i dtaobh an t-sagairt.Deirtear linn nach ró dheas an bás a fuair cuid de'n dream sin; bádhadh beirt nó triúir díobh agus iad ag dul treasna Inbhear Scéine an maidin 'n-a dhíaidh sin. An cheannurraidh a chinn ar an mbaintreabhach féin a chur chun báis fuair seisean bás 'n-a ghealt, ach níl aon eolas cinnte i dtaobh a thuille dhíobh. Ag an tráth sin de'n bhlíain cheall chúig bliana tar éis an tslaid uathbhásaig na h-oidhche úd, bhí fear áirithe ag siubhal go luath ar maidin fan an locha úd. Bhí an fear céadna úd ar leath súil o rugadh é, gan radarc ar bith i gceann d'á shúilibh. D'féách sé i dtreo an loca agus cad a cifeadh sé ann? ach ceithre oileaín cheann níos mó ná trí chinn eile agus iad ag snámh ar bhárr an uisge a bhí chómh chiúin réidh le sgathán. Táinig scannradh agus úathbás air ar dtúis, ach annsan thosnaig sé ag paidreóíreacht mar nach raibh fhios aige chad a bhí a' tuitim amach. D'imthig sé leis ar a thuras agus sar a raibh sé imthighthe cheád slat ó'n loch, samhluigheadh dó go raibh radharc tar éis teacht sa tsúil chaoch. Thóg sé leitir as a phóca agus thosnaig sé ag léigheamh, fiú(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Siothcháin
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort an Ghabhann, Co. Chiarraí