Scoil: Doirín na nDamh (uimhir rolla 5348)
- Suíomh:
- Derreenneanav, Co. Kerry
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amháin do dhún sé an tsúil mhaith féachaint arb' fhéídir go raibh sé fíor. B'fhíor cinnte, bhí radharc chómh maith agus níos feárr sa tsúil sin anois ná mar a bhí sa tsúil eile. Bhí an fear bocht líonta le h-áthas agus úathbhás san am céadna, mar ní raibh fhios aige chad as go dtáinig an leigheas. Úaireannta do cheapadh sé gur ag taidhreamh a bhí sé agus nach raibh a radharc aige ar aon chor, ach ar ndóígh ni raibh aon dul as.Do leathadh an sgéal ar fuaid an cheanntair, agus sheárd a dubhairt na seanoirí, nach gurab íad an trúir páiste agus a máthair a marbhuigeheadh chúig bliana ó shoin a bhí ins na cheithre oileáin seo a bhí le feisgint. Do théigheadh alán daoine ann gach lá as san amach ach ní fheáaidís iad d'fheisgint ach amhain an tráth cheádna sin de'n bhliain agus do leighistí alán go mbíodh galair do-leíghiste ortha. Do bhíodh turais á dtabhairt ar an loch sin ar feadh roinnt maith blian ach sa deire d'eirigheadh as tímpal triochad nó dachadh blian ó shoin.
BÓTHAR an AIFRINNTímpal 3 míle ó thuaidh ó'n ait seo tá bóithrin eile ag dul suas go h -isleán áirithe ar thaobh chnuic. Glaodhtar "Bothar an Aifrinn" air mar is ar an mbóthar seo do bhíodh na daoine ag' teacht chun an aifrinn d'éisteacht, agus tugtar "Chúm an tSagairt" mar ainm ar an áit 'n-a mbíodh an sagart a' léigheadh an aifrinn, díreach mar a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Siothcháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gortagowan, Co. Kerry