School: Doirín na nDamh (roll number 5348)

Location:
Derreenneanav, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 338

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 338

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doirín na nDamh
  2. XML Page 338
  3. XML “Na Dlíthe Peannaideacha”
  4. XML “Loch Eas Caoimh (Askive Lake)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ma gluaistear síar tímpal ceithre mile slighe ó Loch Srónach, tiocfaimíd ar Loch Eas Caoimh, in-aice Pairch na Sailighe. Loch beag deas ciúin atá ann, agus loch beannaighthe leis, mar bítear a' tabhairt turas air gach blíain sa Samhraidh agus leigeastear alán daoine, ach níl aon eolas ag muinntir na h-áithe 'n-a thaobh sé sin, Níl fhios acha, an raibh baint ag aon naomh leis nó nach raibh. Tá alán scéalta le hinnsint n-a thaobh ámhthach:-

    (I)
    Tá tor beag cuillinn a fás ar bhruach an locha, agus bíonn leat de feochta agus leat de glas i rit na blíadna. Timpal dhá bhliadhain deag shoin, bhí an mhoin an -ghann sa cheanntair sin mar bhí an blían go dona agus ní raibh fód tirim le fághail, agus ó's rud é gurab í an moin an t-aon adhbhar teine a bhí acha, bíodar i gcruadh cás (amach is amach). Cad do dhein cúpla fear, ach dul cun an crainn cuillinn, in-aiche Loch Eas Caom da ghearradh. Do dheineadar amhlaidh agus thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Askive Lough, Co. Kerry