Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is amhlaidh a tháinig Drury chun sgríbhinn ríóghdha na banríóghna do chur i bhfeidhm i gCiarraidhe.Annsan tháinig an "Tíghearna Dub" (Tomás Ormond) chun Ciarraidhe do chur fé smacht. Chuaidh dream d'á chuid fear go h-Uibh-Ráthach agus dhá bhuidhin eile go Corca Duibhne agus dheineadar raic ann -sa bliadhain 1580. Annsan tháinig na Spáinnigh agus na h-Iodálaigh i dtír i nDun an Óir - agus tar éis an dún-mharbhughadh fealltach, náireach a deineadh ortha - bhí Gearóid Bocht an 16adh Iarla 'n-a theicmheach réigthe agus an uile shórt gallaphot agus sméirle ar a thóír.B'iad na fir ceannais a bhí ag obair ar son na banríoghna an uair sin ná:- (1) An tigearna Grey de Wilton (2) Walter Raleigh (3) Ed. Spenser (4) Ed. Denny agus (5) Winter taoiseach cabhlach a tháinig ar bhórd na luinge "Revenge" agus a chabhruigh lé Eilton ag Dún-an-Óir.Ar feadh trí mbliaghan 'n-a dhiaidh sin bhí Gearóid an 16adh Iarla ag imtheacht lé fán an tsaoghail ag creachadh agus ag teicheadh agus a lucht leanamhna ag dul i luighead. Ach sa deire tháinig saighdiúirí air go h-obann i nGleann na nGingte - nuair a bhí é n-a aonar. Thángadar suas leis i mbóthan istig sa gleann - agus nuair a ritheadar isteach d'iarr sé trocaire ortha - a rádh leó gurbh é féín Iarla na Deasmumhan. Acht dhein O Ceallaigh é do dhicheannadh lé buille claidhimh. Do sáilleadh an ceann agus cuireadh anonn go Lúndain é agus cuireadh anáirde ar spíce i "ngeata an Bhrathadóra" é. Cuireadh an "colann gan ceann" in-uaigh shealadaigh, acht n-a dhiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)