Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I ngach conndae in Éirinn do deintí usáid fadó de uisge Tobar nó uisge abhann cun baistidh.Toibreacha go bhfuil tréithe speisialta leighis ag baint léo nó gur dhein aon Naomh úsáid dá gcuid uisge - Glaodhtar toibreacha beannuighte ortha san.Do téightí ar turus cúcha lá áirithe sa tseachtmhain agus is minic a bhíodh ainm an lae sin ar an dtobar, e.g. Tobar an Aoine, Tobar an Domhnaigh srl. Is minic leis gur fhan ainm an Naoimh ar an dTobar, cuir igcás:- Tobar Bhréanainn. Nó b'fhéidir gur thuit rud eicint iongantach nó míorbhuilteach amach ag an tobar agus do cuireadh an sgeal go léir agus go h-iomlán ós ár gcómhair le brígh an sgéil do chur in-aon fhocal amháin e.g. Sgéal na Molt i "dTobar na Molt." Nó b'fheidir fós go ndeirtí an paidrín ag an dtobar agus do tugtaí an t-ainm "Tobar na Coróine" air. Is mo slighe mar sin gur cuireadh ainm ar thobar bheannuighthe.Bhí gádh leó so i dtosach na Críostaidheachta in Eirinn chun an creideamh do chraobhsgaoileadh nó do spreagadh nó do neartughadh i gcroidhtibh Gaedheal