Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chómh loitithe sin agus clúdaighthe lé h-eidheanán ná féadfar tómhas a leithid ná a h-aoirde do thabhairt ná rian a gné a dheunamh amach. Níl sí ach tuairim 's 300 bliain d'aois."Tá cuid de'n stuagh thoir slán fós acht tá sí chómh clúdaighthe sin lé h-eidhneán gur deacair é dheunamh amach.
UAIMH BHRÉANAINNShuidhte i mBaile na Carraige (Craig) i bpáirc Uí Chatháin ar aghaidh Faill na Carraige - a thugann a h-ainm do'n mbaile. Annso bhí reilg agus b'fhéidir mainistir.Glaodhtar "Teampall Bheag" ar an áit fós. D'aistrigh an reilig seo ó'n dteampall bheag go dtí an áít ina bhfuil sí fá láthair in-aon oidhiche amháin.D'réir béaloideasa:"Bhí an príomh mainistir i bpáirc Liam Uí Bhrosnacháin taobh eile de'n abhainn. Tá a lán leachtaí ar aghaidh an choiréil inaice an teampaill bhig (Is docha gurab iad so cuid de'n stuif do caitheadh amach as an gcoiréal)Sar ar deineadh an bóthar bhí an reilig an uair sin sa "Teampall Beag." Deireann gach éinne go raibh mainistir sa chúinne a thóg Naomh Bréanainn féin.