Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 193](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0419%2FCBES_0419_193.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 193
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreach ann fadó is cailleadh a fear. Ní raibh aici acht beirt. Aon lá amháin dúbairt an bheirt gharsún le na máthair go gcaithfidís imtheacht as an dtig is dul ag lorg a gcuid oibre. Bhí an mháthair ana uaigneach annsan, nídh nach iongnadh. Dhein sí suas lón dóibh, is buidéal bainne i gcóir an bhóthair. Nuair a bhuail sean-duine leóbhtha, d'fiafruig sé cá raibh a dtriall agus dúbradar go rabhadar ag lorg oibre. "Ní fada uaibh" ar seisean "tig seana chailleach go bhfuil talamh aici. Ní fhanann aoinne aicí mar marbhuigheann sí gach duine a théigheann cúici , is cóireóchaidh sí leaba bhreágh codlata díbh. Nuair a raghaidh sibh isteach sa leabaidh ní fada a bheidh sibh búr gcodladh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann