Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 171
- XML “Scéal Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tamaill do shéoladar léo go dtí an bhFrainnc. Do chaitheadar tamall ann agus bhí an mac críoná ag foghluim chun a bheith na shagart. Nuair a thangadar go hÉireinn aríst d'fhágadar thall é. Do bhíodar ag caitheamh an t-saoghail go brónach. Taréis tamaill do cailleadh fear an tígh. Aon lá amháin do bhí fear on mbaile sa bhaile mór. Nuair a bhí sé ag teacht do bí an báisteach agus sneachta ag tuitim go treán. Do bhí sé ag imtheacht leis ach taréis tamaill do léim seana saighdiúir amach ón gclaidhe chuige agus d'fhiafruigh sé do cad as é. Dúbhairt an fear gur b'as a lethéid seo do bhaile é. Táimse ag dul san bhaile sin leis ar a leithéid seo do thig. Do cheap an fear go b'eadh a bhí sé chun mhuinntir an tíghe do mharbhú. Do bhí sé ag iarraidh gan é do leigint in aoinfeacht leis ach sa deire do ghéill sé. Ar deire d'fhiafruigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Guithín
- Inscne
- Baineann