School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 171
- XML “Scéal Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tamaill do shéoladar léo go dtí an bhFrainnc. Do chaitheadar tamall ann agus bhí an mac críoná ag foghluim chun a bheith na shagart. Nuair a thangadar go hÉireinn aríst d'fhágadar thall é. Do bhíodar ag caitheamh an t-saoghail go brónach. Taréis tamaill do cailleadh fear an tígh. Aon lá amháin do bhí fear on mbaile sa bhaile mór. Nuair a bhí sé ag teacht do bí an báisteach agus sneachta ag tuitim go treán. Do bhí sé ag imtheacht leis ach taréis tamaill do léim seana saighdiúir amach ón gclaidhe chuige agus d'fhiafruigh sé do cad as é. Dúbhairt an fear gur b'as a lethéid seo do bhaile é. Táimse ag dul san bhaile sin leis ar a leithéid seo do thig. Do cheap an fear go b'eadh a bhí sé chun mhuinntir an tíghe do mharbhú. Do bhí sé ag iarraidh gan é do leigint in aoinfeacht leis ach sa deire do ghéill sé. Ar deire d'fhiafruigh(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Guithín
- Gender
- Female