Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 140
- XML “Bá - An Daggory”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- BáthaidhAn DaggoryDo báthaidh an long seo thíos ins an Ród. Do bhí sí ag gabháil barra leath ó thuaidh nuair a buaileadh ar fhochais ins an Ród í. Do chualathas san oileán í leis an gcnag a dhein sí. Do bhí sí lán do ghráinne búidhe. Long ceithre crainn do b'eadh í. Sé an ainm tá ar an áit nar bhuail sí ná bealach an Daggory. Do bhí an fharraige lán de ghráinne buidhe. Do buaileadh é dheineadar a lán cístí do is d'itheadar thíos i mbainne caorach é. Do bhí an fharraige dubh leis ar feadh seachtaine - naomhóga ag imtheach go tiubh ag triall ar an ngráine buidhe. Theighidís agus mála lán de ghráinne buidhe acu agus é ana fhliuch ach ba chuma leó súd fluich nó tirim é mar deiridís gur fluich a raghadh sé ins an ngoile.
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Tom Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58