School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 140
  3. XML “Bá - An Daggory”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Báthaidh
    An Daggory
    Do báthaidh an long seo thíos ins an Ród. Do bhí sí ag gabháil barra leath ó thuaidh nuair a buaileadh ar fhochais ins an Ród í. Do chualathas san oileán í leis an gcnag a dhein sí. Do bhí sí lán do ghráinne búidhe. Long ceithre crainn do b'eadh í. Sé an ainm tá ar an áit nar bhuail sí ná bealach an Daggory. Do bhí an fharraige lán de ghráinne buidhe. Do buaileadh é dheineadar a lán cístí do is d'itheadar thíos i mbainne caorach é. Do bhí an fharraige dubh leis ar feadh seachtaine - naomhóga ag imtheach go tiubh ag triall ar an ngráine buidhe. Theighidís agus mála lán de ghráinne buidhe acu agus é ana fhliuch ach ba chuma leó súd fluich nó tirim é mar deiridís gur fluich a raghadh sé ins an ngoile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Ceárna
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Tom Ó Ceárna
    Gender
    Male
    Age
    58