Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ádh nú mí ádh le laetheannta fé leith.Siad na laetheannta atá coisghithe annseo ná Dé Luain. Deirtear nár cheart duit aistriú Dé Luain. Deirtear nár cheart duit do ghruaig a bhearradh na caoire Dé Luain mar tugtar "lomadh an luain" air agus nil sé ceart. Deirtear go bhfuil sé ana mhí raitheamhail ar fad "buile luath an luain agus buile déannach an t-Sathrain ". Deirtear ná rabhadar reatheamhail riamh. "Aistriú an luain ní bhíonn sé buan." Déadaoin agus Dé Céadaoin: Deirtear ná bíodh sé rathamhail a bheith ag deilbh plainnín an dá lá seo. Sé an rud a deiridís fadó-- "ag deilbh indiu is ar an marbh a raghaidh". Ní phósfhadh aon t-sagart aon lamhnuadh an lá seo. Siad na laetheannta reatheamail(leanann ar an chéad leathanach eile)