Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 123
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sé an rud a bhí aici acht sabhrain buidhe agus í ag deanamh seóidh ar an leac leis. D'imthigh sí léi i gcionn tamaill agus thug sí sgúird agus thug sí léi ceann eile aca.
Do ghlac an t-sainnt an fear bocht agus sháig sé chúichi agus fuair sé an dá shabhrain anuas ar an lic na dhiaidh. D'innis sé an sgéal do mhuinntir an bhaile. D'imthigheadar san amáireach a raibh san mbaile agus thosnuigheadar ag réabadh an óir dar leó. Acht ní fuaireadar faic. Sé chaill an fear nár fhan fada leis féin agus geobhadh sé an phluais go raibh na sabhrain acht bhí sé ró meagnaiseach chun an airgid.