Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 122
- XML “Cistí Óir”
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt na gcomhnuidhe i nDúnchaoin fadó. Bhíodar ana bhocht. Oidhche amháin bhí duine aca na chómhnuidhe in Ghleann Dearg. I gcaitheamh na h-oidhche tháinig sgata cait le chéile agus chuireadar i núil do dul in áit áirighthe agus ná cídhfeadh sé lá bocht as san amach na shaoghal. Do dhéin sé amhlaidh agus nuair a chuaidh sé san áit fuair sé mála mór óir agus as san amach ní raibh lá bocht na shaoghal aige.
- Bhí fear i mBaile na h-Abha tamall de bhliadhanta ó shoin. Bhí sé thoir san áit go nglaodhthar an Gleann mór air. Tráthnóna breágh ghréine chonnaic sé eas agus í ag déanamh spóirt an domhain — ag léime agus ag tógaint a lapaí agus cad é damhas. Bhí sé ag ealú leis go dtí gur chuaidh sé gairid di(leanann ar an chéad leathanach eile)