Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

nuair a tháinig se chúgham féin. Do cuimhnigeas agus dubhart "feirmeóir". An oidhche roimis sin do bhí an máighist(ir) ag léigheamh mar gheall ar fheirmeóir is chuir na báillí amach as a gchuid talmhan thíos i lár na hÉirean. Ba mhór an salt a bhaineamair as. act tá'sa aige Dia go raibh sé agam.

Bhí úrlár cláracha sa scoil agus ceann tuig(he) uirthe. Do briseadh na cláracha agus sé Seán Módhráin féin a chaith amach é. Annsan isteach bhí úrlár cré agus luigeanna agus claiseanna innte. Is minic a cuireadh an máighistir isteach go dtí an gclár dubh sinn. Deireadh an duine istig leis an ndream a bhiodh timcheall na ranga amuich cuir i gcás "trí agus a sé". Cad a dheineadh an dream amuigh ná a naoi a sgríobh le na n-órdóig ar an úrlár

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge