Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 038
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)caitheann anáirde annsan í agus gáireann agus tógann greim le na bhéal aiste. Deintear trí huaire gan stad é seo.Lá 'le Stiofáin.Deineann garsúin iad féin suas oidhche seo i seana éadach - bataí móra na lámha aca, gléas ceóil aca agus "láir." Bíd ag imtheacht ó tigh go tigh agus deineann siad babhta rinnce agus seimid part ins gach tig a léithid sin do fhotharaga, ba dhóigh leat go dtógfaidís an ceann de'n-tig. Bíonn dreóilín beag istigh i bpóca gluine aca. Is dócha go mbíonn a chroidhe na chliabh aige-an creatúir bocht.Lá 'le Brighide.Téigheann na caillíní beaga ó thig go tigh an lá seo agus báibíní beaga ina mbacluin aca. An baibín déanta suas go dheas le héadaí bána, práisléidí, ribíní. Tugann gach aoine féirín beag dóibh. Is snáthaide go siúcre agus pinginí a ghaibheann siad.(leanann ar an chéad leathanach eile)