Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 037
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an rann seo.
"Nodhlaig na bhfear an Nodhlaig mhór mhaith,
Nodhlaig na mban an Nodhlaig gan mhaith". (nó "a mheath").
Sé an chiall é seo ná go mbíonn formhúr na sólaistí dheasa ithte. Oidhche na dtrí rí:
Bíonn trí coinnle ar lasadh ar fhuinneóig na cistineach an oidhche seo. Deirtear go ndeintear fíon de'n uisge agus síoda de'n bhféar bán agus arán bán des na clocha an oidhche seo. Oidhche na "chuide móire":
Is mór an spórt a bhíonn aige leanbhaí an oidhche seo. Gaibheann an té is óige san tig bullóg aráin gan an oiread agus greim amháin aiste, agus buaileann ar an doras í leis an rann seo.
"An donas amach, an sonas isteach, anocht bliadhain ó anocht agus anocht féin."(leanann ar an chéad leathanach eile)