Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leigheasanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Leighiseanna

Is mó saghas léighis a bhí aige sna seandaoine agus na seana mhná a bhí fadó ann. Ní ghéillfead chuid de sna daoine atá ann chuige dóibh sin anois mar an nídhe a théigheann i bhfaid téigheann sé i bhfuaire.
Tinneas fiacaile
Ceann fraig a chur id' bhéal agus trí sgréach a bhaint aisti. Deirtear go dtabharfadh sé leigheas air ar feadh seacht mbliadhna.
Súile tinne
"Súile dearga agus éad" dhá nídhe nár leigheasadh riamh."
Craobh odhbhar
Fáinne óir nú giní óir nú rud éigin go bhfuil mianach óir ann a chimilt do'n súil air feadh naoi mhaidean air céalacan.
Uisge ag rith ar do shúile
Gal de'n phípe a leigeant isteach chúicí nú té dubh searbh baineann sé an t-uisge.
Dóghadh
Do theanga do chimilt trí uaire do airc luachra agus bheadh leigheas air.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge