Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 002
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhóghadh agat. Óile róin agus óla an dóghadh a dheineadh na seana mhná de im agus d' aol agus luibheanna a baintí as an dtalamh a leighiseadh dóghadh fadó.Pianta cnámha
(a) An áit go mbeadh an p[h]ian é a
dóghadh le leantóg agus
tabharfadh san faoiseamh don chnámh mar tarruightear amach an tinneas le greadadh na leanntóige.
(b) Duine éigin a chuirfeadh práta i bpóca an othair gan fhios do agus gan é a chaitheamh as nuair a bhuailfeadh sé leis, annsan bheadh na pianta cnámha leighist.Fail
Sgeit obann, nú a rádh "ghuidis é seo nú é siúd ó dhuine éigin" a bheadh ar t'aitheantas. Dá gcreidfeadh sé tú d'imcheóchad sí do.Tinneas droma
Gabháil trí "cró na snathaide" is é sin fuinneoigín bheag ar Sháipéilín Gallaruis.Leigheasanna
I) Dhéineadh na sean daoine fadó galúnach agus súicre a chur ar beiriú i n-áras éigin agus braon bainne. Ní raibh aon(leanann ar an chéad leathanach eile)