Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “An tAmadán Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na hAmadáin Cliste.
    Bhí beirt driothár ann fadó agus bhí chómhnaidhe ortha in aoinfheacht len a máthair i mbothán beag i gConnamara. Dubhraidís lá amháin go rachaidís ag saothrú beagán airgid dóibh féin. Tógadh gan fóghluim iad agus nuair a bhíodar ag imtheacht thug a mháthair trí focail Béarla do Mhichil mar ba Micheál agus Seán na hanmneacha a bhí ortha. Dá bhfiafruighthe díobh cérbh as iad déarfaidís "Two Connemara Men". Cá rabhadar ag dul? For a purse of money agus allrigh.
    As leo annsin agus nuair do shroicheadar Beárna casadh fear marbh ar an mbóthar leó. Ní raibh ionnta acht dá phleidhce agus bhíodar dá shacruigheadh agus dá láimhseál ariamh nó go dtáinic na gárdaí ortha. Labhair an Sáirsint leo. "Who killed the man" ar seisean. "Two Connemara men" adeir Micheal. "why so" ar seisean. "For a purse of money" arsa Micheál. "You'll be shot so" adeir an Sáirsín. "All right" adeir Micheál. Chroc na pílears leo iad go dtí an bearraic. Tar éis cúirt a chuir ortha friothadh amach nach raibh siad cionntach. Fuaireadar punnt annsin mar luach saothar ar an am a coingbhigheadh istigh iad.
    Chuaidh siad ar aimsear annsan ag ministéara agus chuir sé ag sábhailt féir iad. Go deimhin ní raibh aon Ghaidhealg ag an ministéar. Ba é Micheál a bhí ag baint leis an speil agus Seán ag craitheadh in a dhiaidh agus d'á thiormughadh. Ba cocaí a rinne siad dén bh'féar acht lá amháin tháinig an ministéara agus adubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    AT1697: “We Three; For Money.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siubhán Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraic Breathnach
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann