Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 233
- XML “An tAmadán Cliste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Put the hay around the poles". Bhí pólaí ins an bpáirc agus bhí an féar le cur timcheall ortha, acht ní raibh fhios aca sin air.
"Measann tú céard tá sé ag rádh" adeir Seán "Ó thárla gur agat atá an Bhéarla, ba cheart go dtuigfeá é." "Tá sé ag rádh gur lá'l Pheadair agus Póil atá ann" adeir Micheál agus marbhóchaidh an sagart sinn faoi a bheith ag obair. Bhí sé amach san iúl ag an am seó agus lá'l Pheadair agus Phóil chaithte le fada roimhe sin.
Chómhairligheadar greadadh leo ins na [??]ala babhta abhaile agus laisg leo in a cos in áirde. Rith an ministéara in a ndiaidh agus dubhairt "Come back for your change". "Meas tú céard tá sé ag rádh anois" arsa Seán le Micheál. "Ara [?] cuirfidh sé slabhra agus reins linn" adeir Micheál.
Bhailigh leo aríst agus breith ar an ngaoith a bhí rómpa nó gur shroicheadar Gaillimh. Fuaireadar nóta deich bpunt caillte ar an mbóthar agus d'aithnigheadar go mba páipéar airgid a bhí ann. Bhí go maith agus ní raibh go holc. Rinneadar dhá leith de'n airgead agus bhí leath ag gach duine. Cheannuigheadar builín agus chuir sé an tart ortha. Casadh teach dochtúra leo agus nuair a chonnaic siad na drugaí bána ins na buidéil ar na fuinneógaibh shíl siad gur bláthach a bhí ionnta.
Isteach le Micheál mar ba aige a bhí an Bhéarla [tá's agat] agus leag sé an mhéar ar cheann de na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siubhán Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraic Breathnach
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann