Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sean-chapall marbh ann agus bhí sionnach, seabhach agus iolar ag troid le chéile ar an bhfeoil. "Má fhágann sibh agamsa é" arsa an buachaill "Roinnfidh mé eadraibh é, tiubhraidh mé na putógaí do iolar, na cnáma don sionnach agus an fheóil don seabhach."
D'imthigh sé leis annsin agus bhí sé ag éirighe deireannach air go dtí go dtáinig sé chuig teach a raibh (bhí) ann agus d'iarr sé lóisdín na hoidhche agus fuair sé é. Nuair a bhí uisce agus féar istigh ag muinntir a' tighe bhí sé in a oidhche. Thosuigh caoineadh istigh i dteampeall a bhí in aice an tighe. D'fiafruigh an stráinséar dóibh an fáth a raibh an caoineadh sin ann agus dubhairt siad nach raibh fhios aca.
D'iarr sé ar an mbuachaill óg a bhí ann tigheacht leis go dtí an teampall agus dubhairt sé nach rachadh. D'imthigh leis annsin agus chuaidh sé féin isteach ar an uaigh a raibh an chaoineadh in a haice. Bhí annsin ar dhá thaobh na huaighe bheirt ghasúr a chuireadh in aon cónra amháin. D'fiafraigh sé dóibh céard a bhí ortha agus dubhairt siad leis ná cuireadh ortha ach aon ais-éadach amháin nuair a cailleadh iad. "Má fhágann sibh agamsa é, réidhteóchaidh mé eadraibh é" adeir sé agus d'fág.
Ní dhearna sé acht a chásóg a chaitheamh de agus a bháinin a bhí taobh istigh de'n chasóig a thabhairt de dhuine aca agus an ais-éadach a bhí ortha a thabhairt do'n duine eile agus stop an caoineadh. Tháinic sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin de Búrca
- Inscne
- Baineann