Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt an sean fhear leis é iompchair agus é a fhágail in a leitheid seo de theach. Nuair a chuaidh sé go dtí an teach seo dubhairt sé nach dtéigheadh sé isteach ann go raibh an t-uisce coisrithe dá chaitheamh ann. "Tabhair go dtí a leitheid seo de theach mé adeir sé" agus thug. Bhí an paidrín páirteach páirteach [!] dá rádh ann agus ní raibh aon ghlacadh leis ann. Chuaidh sé go dtí an tríomhadh teach agus bhí fear a' tighe agus bean a' tighe ag troid "Sin é mo theachsa" adeir sí.
Tharraing sí amach píosa páipéir agus tharraing sé ar a bpáipéar go mbeadh mac óg ag an mnaoi sin trí ráithche ón oidhche sin. Dorduig sé do'n buachaill dul leis, an páiste a thabhairt leis agus aire maith a thabhairt dhó agus dubhairt sé go gcaillfidhe an mháthair freisin. Bhí sé sgríobhtha ar an bpáipéar go dtiocfadh sé amach in a shagart an gasúr seo, agus an chéad aifreann a léighfeadh sé, an tuisce coisrithe a bheannóchadh sé agus an méid a shroicfeadh an t-uisce coisrithe sin agus go mbeadh sé fein ag an diabhal.
D'fill an buachaill abhaile agus thug sé an paidrín go dtí a athair. "Nach fada amuigh tú" adeir an t-athair. "Ó níl neart agam air" adeir an buachaill "casadh sean-fhear liom ar leath-taobh an bhóthair".
Lá ar na bhárach annsin dubhairt sé leis féin go n-imtheóchadh sé roimhe go gcuirfeadh rud eigín faitchíos air. Tháinic sé go dtí páirc, annsin agus bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin de Búrca
- Inscne
- Baineann