Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Landlord an Chaisleáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach go dtí an teach lóisdín annsin agus dubhairt sé le muinntir a' tighe gur mór an peacadh a bhí déanta aca nach ndeárna siad é sin i bhfad roimhe sin.
    Ar maidin lae na bháirigh d'imthigh sé leis agus sí an áit a chuaidh sé ann go dtí teach bainthrighe. D'iarr sé lóisdín acht dubhairt sí nach raibh an áit feileamhnach dhó. "Bhail" adeir se "Muna bhfuil aon áit agat dhom fanfaidh mé ar an dteaghleach go maidin" Bhail thosuigh sí ag innsint dó ce'n sórt mná a bhí inntí, bean landlord go bhfuair an landlord bás, agus go raibh caisleán déanta ar a chuid talmhan agus go mbíodh an caisleán seo leagtha ar maidin agus curtha suas tráthnóna.
    D'imthigh leis an mbuachaill nó go dtáinig sé go dtí an caisleán. Chuaidh sé isteach ann agus shuidh sé síos. Ba gearr in a shuidhe é nó go dtáinig triúr fear aniar as seomra agus cónra aca. "Bhail" adeir an buachaill leis féin "ní fhaca mé aon chonra ariamh gan ceathrar a bheith fuithe." Agus d'eirigh sé de léim agus chuaidh mar ceathramhadh dhuine fuithe. Ar an bpoinnte a rug sé uirthí d'imthigh an triúr eile agus fágadh annsin leis féin é. "Bhail" adeir sé leis féin "Is gearr go mbéidh fhios agamsa cé tá sa cónra sin". Thóg sé an clár béal agus céard a d'eireóchadh aníos chuige acht sean-fhear agus tom mór féasóige air. D'fiafruigh an stócach dhó céard a bhí air.
    "Mise an Landlord" adeir sé "agus nuair a bhí mé ag bailiú an chíosa ó na daoinibh, bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlin de Búrca
    Inscne
    Baineann