Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 273
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí comhludar beag na' gcomhnuidhe uair amháin í náit éigin san tír seo agus bhíodar an-bhocht.
Lá amháin dúbhairt an tathair go gcaithfheadh sé a dhul ag saothrú a bheatha, agus mar sin d'fhagh sé a bhean agus a mhac san mbaile agus d'imthigh sé leis.
Ba geárr a bhí siúbhalta aige nuair a casadh fear leis a bhí ar thóir buachaill aimsire agus chuaidh mo dhuine leis. Thaithnigh an áit leis maith, agus ní raibh aon chainnt aige corruigh as.
Bhí sé go díreach mar bhí Oisín i d-Tír na nÓg níor airigh sé an tám ag dul thart, nó go raibh sé chúig bhliadhna déag ánn.
Sin é an tám a chuimhne sé ar a pháighe agus ar a bhaile, agus ar a comhludar agus dúbhairt sé lé fear an tíghe go raibh sé lé dhul abhaile.
Chuir fear an tíghe ceist air mar seo:--
cé a bfheárr leat anois do pháighe ná trí chomhairle a chuireas mise ort; cheap an sean-fhear go mhaith an rud á an chomhairle agus thóg sé í.
Seo iad iad arsa fear an tíghe:--
Más cám nó díreach é an ród tá an contabhairt mhór san aith-giorra. Ná fan in aon teach go deo, a mbeidh cailín óg pósta ag sean-fhear ann, agus ná déan aon rud san oidhche a mbeidh aithmhéala ort ar maidin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Nic Confhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seósamh Mac Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- Eanach Mheáin, Co. na Gaillimhe