Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 258
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéal.Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag dul ag pósadh inghean feiliméara. Bhí spré mhór le fághail aice.
An oidhche seo bhí sé fhéin agus í féin ag damsa ar an urlár. Thuit sí agus gortuigheadh go mór í. Níor dhubhairt aoinne Dia linnis [!] Muire lei nuair a thuit sí. Lá'r na bháirach fuair sí bás. Nuair nach dhubhairt aoinne tada lei nuair a thuit sí tugadh ins na sídheógaibh í.
Bhí fear óg ag siubhal an bóthar oidhche agus chonnaic sé comhnra ag dul soir roimhe an bóthar agus triúr fear ghá iompar agus nuair a bhíodar ag droichead leagadar an chomhnra anuas ar leath-taobh an droichid. Tháinic an fear go dtí iad agus dubhardar leis an chomnra a thabhairt thar an droichead dhóibh. Dubhardar fhéin leis go dtiocfadh siad in-éinfheach[t] leis agus dubhairt sé leó nach dtiocfhadh. Thug sé leis an chomhnra agus chuir sé ar a dhruim í agus thug sé thar an droichead í. Bhí crois ar an droichead agus níor fhéad na triúr fear a dhul thairis mar ba sídheóga a bhí ionnta. Thug an fear leis abhaile an chomhnra agus chur sé isteach sa sgioból í agus chuir sé an glas air go maidin. Chuaidh sé isteach abhaile agus chuaidh sé a chodhladh. Ba é an t-athair an chéad duine a d'eirigh ar maidin. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé doras an sgiobóil dúinte agus ní raibh fhios aige cé'n fáth a raibh an glas ar. Chuaidh sé isteach abhaile agus thug sé leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Niadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Fhualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68