School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 273
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalBhí comhludar beag na' gcomhnuidhe uair amháin í náit éigin san tír seo agus bhíodar an-bhocht.
Lá amháin dúbhairt an tathair go gcaithfheadh sé a dhul ag saothrú a bheatha, agus mar sin d'fhagh sé a bhean agus a mhac san mbaile agus d'imthigh sé leis.
Ba geárr a bhí siúbhalta aige nuair a casadh fear leis a bhí ar thóir buachaill aimsire agus chuaidh mo dhuine leis. Thaithnigh an áit leis maith, agus ní raibh aon chainnt aige corruigh as.
Bhí sé go díreach mar bhí Oisín i d-Tír na nÓg níor airigh sé an tám ag dul thart, nó go raibh sé chúig bhliadhna déag ánn.
Sin é an tám a chuimhne sé ar a pháighe agus ar a bhaile, agus ar a comhludar agus dúbhairt sé lé fear an tíghe go raibh sé lé dhul abhaile.
Chuir fear an tíghe ceist air mar seo:--
cé a bfheárr leat anois do pháighe ná trí chomhairle a chuireas mise ort; cheap an sean-fhear go mhaith an rud á an chomhairle agus thóg sé í.
Seo iad iad arsa fear an tíghe:--
Más cám nó díreach é an ród tá an contabhairt mhór san aith-giorra. Ná fan in aon teach go deo, a mbeidh cailín óg pósta ag sean-fhear ann, agus ná déan aon rud san oidhche a mbeidh aithmhéala ort ar maidin(continues on next page)- Collector
- Bríghid Nic Confhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seósamh Mac Coisdealbha
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Address
- Eanach Mheáin, Co. Galway