School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 182
- XML “An Scoláire Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Sgoláire BochtNí bhíodh sgolta ná máighistrí chomh fairsing fadó is atá siad anois. Sé an chaoi a dtagadh na sgoláirí aistir fhada agus cur fútha san áit a mbíodh an máighistir. Daoine eolgacha a bhíodh i gcuid de na sgoláirí seo. Bhídís in dan eólas a bhaint as na réalta - sin brainse Astranomy tá fhios agat.
Tháinic duine de na sgoláirí seo go dtí máighistir babhta amháin, le dul a' foghluim uaidh. Bhí sin ceart go leór ach theastuigh lóistín ó'n sgoláire seo, agus nuair a bhí sé a' cainnt leis an máighistir i dtaobh an sgéil, dubhairt an máighistir leis go raibh buachaill beag a' foghluim uaidh féin a théigheadh abhaile gach trathnóna agus go mbféidir go bhfuigheadh sé loistín tigh a athar-san. Chuaidh an sgoláire go tigh an bhuachalla agus cuireadh fáilte roimhe agus fuair sé an loistín.
Oidhche amháin a raibh an sgoláire bocht 'na thigh lóistín, thug sé fá deara go leór ban a' teacht isteach agus a dul siar(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Kilgariff
- Gender
- Male
- Age
- Over 80
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway