School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 279
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-sgéal.Bhí fear ann aon uair amháin agus phós sé cailín óg. Bhí aon inghin amháin aca. Faoi cheann tamaill cailleadh an bhean agus chuir an fear an inghean ag a shean-mháthair le aire a thabhairt dí.
Phós an fear an dara h-uair.
Chuile lá théigheadh an bhean síos ag an bhfhairrge dhá nígheachán fhéin agus ag snámh.
An lá seo chuaidh sí síos agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".
Labhair an glór agus dubhairt go raibh a leas-inghean níos deise ná í.
Nuair a chuaidh an bhean abhaile dubhairt sí go gcaithfeadh sí croidhe agus aobha an leas-inghean a fhághail le nithe.
Cuireadh beirt fhear ag iarraidh an leas-inghean le na marbhughadh agus a croidhe agus a h-aobha a tabhairt ag a leas-mháthair.
Dubhairt an bheirt fhear le chéile gur mhór an peacaidh an leas-inghin a mharbhughadh agus casadh sean-mhadra leó agus marbhuigheadar é agus thugadar a chroidhe agus a aobha ag an leas-mháthair, agus dith sí iad[.]
Lá ar na bhárach chuaidh an leas-mháthair síos ag snámh aríst agus dubhairt sí léi féin. "Is deas an bhean mise".(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Informant
- Liam Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Inis an Ghainimh, Co. Galway