School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 274
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)faoí. Rinne bean an tíghe cáca mór agus péire cácaí beaga agus thug sí dhó lé haghaidh an bhóthair iad. D'ith sé an péire bheag ar an mbóthar ach níor bhlas sé don cheánn mhór.
An chéad lá ar raibh sé ar an mbóthar casadh fear siúbhail leis.
Shiúbhail an beirt tamall an bóthar go dtáinic siad chomh fada lé coill.
Tar liom-sa an bealach seo arsa an fear siúbhail tá cosán ann agus rachaidh muid amach ar an mbóthar arís. Chuimhnigh an sean-fhear ar an gcomhairle a cuireadh air agus níor bhac sé leis an bhfear siúbhail.
Mar sin d'imthigh chaon duine aca ar a mbealach fhéin. Ba geárr a bhí siúbhalta ag an sean-fhear nuair a chuala sé an fear siúbhail ag sgreadach agus é dhá mharbhú.
Bhuail mo dhuine a chroidhe annsin agus é lán tsásta lé na chomhairle. Shiúbhail sé leis annsin go raibh an oidhche ag teacht agus chuaidh sé isteach i dtig beag ar leath-taobh an bhóthair.
Ní raibh ann ach sean-fhear bocht agus cailín óg agus fuair sé loísthín ann.
D'fhiafruigh an lóistéara d'fhear an tíghe an í sin a inghean agus dúbhairt sé narbh í ach a bhean. Chuimhnigh an fear bocht a [!] an gcomhairle a cuireadh air agus d'éirig sé in a sheasamh agus amach leis agus luighe sé síos í gcoca féir amuigh san bpáirc.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Nic Confhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seósamh Mac Coisdealbha
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Address
- Eanach Mheáin, Co. Galway